Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

An Scéim Deontas Breisithe Bloc Coincréite Lochtach: Clinicí Siúil Isteach

7 May 2024

Tacaíocht Duine-le-Duine maidir leis an bPróiseas Iarratais agus le Ceisteanna Ginearálta.

An Scéim Deontas Breisithe Bloc Coincréite Lochtach

Tá sé beartaithe ag Éascaitheoir Bloc Coincréite Lochtach Chomhairle Contae an Chláir clinicí a chur ar siúl i gContae an Chláir chun cabhrú le daoine den phobal atá i mbun iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontas Breisithe Bloc Coincréite Lochtach.

Le linn na gclinicí seo, tabharfar tacaíocht duine le duine ar conas is féidir iarratas a dhéanamh ar an deontas, tabharfar faisnéis faoi na doiciméid riachtanacha, agus tabharfar faisnéis ghinearálta faoin scéim. Cabhróidh Comhairle Contae an Chláir le doiciméid a scanadh agus a uaslódáil ag na clinicí.

Mholfaimis d’aon daoine a dteastaíonn treoir agus tacaíocht uathu maidir leis an bpróiseas iarratais freastal ar cheann amháin de na clinicí seo. Ní gá aon choinne a dhéanamh. 

Más rud é nach bhfuil tú in ann freastal ar chlinic ar na dátaí sceidealaithe thíos agus go bhfuil ceist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig an bhfoireann Bloc Coincréite Lochtach ag dcb@clarecoco.ie

CEANTAR BARDASACH IARTHAR AN CHLÁIR (THIAR)

MOL DIGITEACH CHILL ROIS

21.05.24

AN MHÁIRT

9.30 – 13.00

 

CEANTAR BARDASACH IARTHAR AN CHLÁIR (THUAIDH)

MOL DIGITEACH INIS DÍOMÁIN

23.05.24

AN DÉARDAOIN

9.30 – 13.00

 

CEANTAR BARDASACH CHILL DALUA

OIFIG LIMISTÉIR NA SCAIRBHE

28.05.24

AN MHÁIRT

9.30 – 13.00

 

CEANTAR BARDASACH SHIONAINNE

HALLA BAILE SHIONAINNE

30.05.24

AN DÉARDAOIN

9.30 – 13.00

 

CEANTAR BARDASACH INSE

CEANNCHEATHRÚ CHOMHAIRLE CONTAE AN CHLÁIR

31.05.24

AN AOINE

9.30 – 13.00

Page last reviewed: 07/05/24

Back to top